Síniú
Nuacht
Téarmaí agus Coinníollacha
Bearla
Tionscadal Cheantar Abhantraí an Iarthair
        Leathanach Baile
        Forléargas Tionscadail
        Olltreoir Uisce an AE
        Iosládáil
        Rannpháirtíocht
        Naisc
        Déan Teagmháil Linn


Plean Forbartha Náisúinta

Comhairle Chontae na Gaillimhe

ESB International

White Young Green   O'Neill Groundwater

WRc Plc
 


Fáilte go dtí Tionscadal Cheantar Abhantraí an Iarthair

Tá an tionscadal seo mar chuid de thiomantas na hÉireann chuig Olltreoir Uisce an Aontais Eorpaigh. Leagann an Olltreoir seo creat oibre amach le cuspóirí soiléire lena chinntiú go mbeidh stádas maith ar a laghad bainte amach ag uiscí na hEorpa ar fad faoi 2015.

Baineann an Olltreoir le haibhneacha, locha, inbhir, uiscí cósta agus screamhuisce na hEorpa agus tá cur chuige nua i gceist maidir le comhoibriú trasteorann idir tíortha, agus laistigh de thíortha, lena chinntiú nach stopann bainistiú uisce ag na teorainneacha.

Sa chomhthéacs seo tá oileán na hÉireann roinnte in ocht gceantar abhantraí, ceann acu seo ná Ceantar Abhantraí an Iarthair.

Áirítear i gCeantar Abhantraí an Iarthar codanna de Chontaetha an Chláir, na Gaillimhe, agus de Chathair na Gaillimhe, Liatroma, Mhaigh Eo, Ros Comáin agus Shligigh agus síneann sé thar 12,000 ciliméadar cearnach, le os cionn 5,600 loch, 14,200 ciliméadar d’aibhneacha, 105 comhlacht screamhuisce agus ceantar mór inbhir agus mara.

Idir anois agus 2015 beidh na húdaráis áitiúla i gCeantar Abhantraí an Iarthair ag obair in éineacht leis an Aontas Eorpach agus an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, lena chinntiú go gcuirfear plean bainistíochta ar bun chun cabhrú chun na huiscí ar fad i gCeantar Abhantraí an Iarthair a chosaint agus a fheabhsú do na glúine atá le teacht.

 

Click here to enlarge this image
 
Click here to enlarge this image